Fáilte go Béal an Phobail: tionscnamh pleanála teanga do Ghaeltacht leithinis Shliabh Liag. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le labhairt agus le húsáid na Gaeilge in iardheisceart Thír Chonaill, limistéar a bhfuil na paróistí Cill Charthaigh agus Gleann Cholm Cille, agus cuid de pharóiste Ard an Rátha, mar chuid de.
Is coiste forbartha pobail é Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille (LCPG) atá dírithe ar na riachtanaisí forbartha i bParóiste Ghleann Cholm Cille. Tá folúntas d’Oifigeach Forbartha Pobail le plean oibre an pharóiste a chur i bhfeidhm.
Tá eolas maidir leis an phost ar fáil ón nasc thíos.
Tá suirbhé ar úsáid na Gaeilge sa cheantar ar siúl mar chuid den tionscnamh seo. Ón 6 Márta 2017 beidh timirí ag scaipeadh ceistneoirí ar na tithe sa cheantar. Bheadh muid iontach buíoch do bhunadh na háite a gcuid tuairimí a roinnt linn ach an ceistneoir seo a líonadh — ní ghlacfaidh sé ach cúpla bomaite! Thig cóip den cheistneoir a íoslódáil ón nasc thíos, más maith leat é a léamh roimh ré.
Foilseofar torthaí an cheistneora ar an suíomh seo níos moille i mbliana.
Tá an suíomh gréasáin seo á fhorbairt fá láthair. Cuirfear tuilleadh eolais fá dtaobh den tionscnamh agus fá dtaobh de dheiseanna leis an Ghaeilge a úsáid sa phobal agus sa ghnó leis an suíomh go luath. Ba bhreá linn tuairimí agus ábhar a fháil ón phobal ach teagmháil a dhéanamh linn.