Fáilte go Béal an Phobail: tionscnamh pleanála teanga do Ghaeltacht leithinis Shliabh Liag. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le labhairt agus le húsáid na Gaeilge in iardheisceart Thír Chonaill, limistéar a bhfuil na paróistí Cill Charthaigh agus Gleann Cholm Cille, agus cuid de pharóiste Ard an Rátha, mar chuid de.


Folúntas: Oifigeach Forbartha Pobail

Is coiste forbartha pobail é Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille (LCPG) atá dírithe ar na riachtanaisí forbartha i bParóiste Ghleann Cholm Cille. Tá folúntas d’Oifigeach Forbartha Pobail le plean oibre an pharóiste a chur i bhfeidhm.

Tá eolas maidir leis an phost ar fáil ón nasc thíos.

Tuilleadh eolais

Roinn do thuairimí linn fá dtaobh d'úsáid na Gaeilge sa cheantar

Gleann Geise

Tá suirbhé ar úsáid na Gaeilge sa cheantar ar siúl mar chuid den tionscnamh seo. Ón 6 Márta 2017 beidh timirí ag scaipeadh ceistneoirí ar na tithe sa cheantar. Bheadh muid iontach buíoch do bhunadh na háite a gcuid tuairimí a roinnt linn ach an ceistneoir seo a líonadh — ní ghlacfaidh sé ach cúpla bomaite! Thig cóip den cheistneoir a íoslódáil ón nasc thíos, más maith leat é a léamh roimh ré.

Foilseofar torthaí an cheistneora ar an suíomh seo níos moille i mbliana.

Íoslódáil an ceistneoir

bealanphobail.ie

Tá an suíomh gréasáin seo á fhorbairt fá láthair. Cuirfear tuilleadh eolais fá dtaobh den tionscnamh agus fá dtaobh de dheiseanna leis an Ghaeilge a úsáid sa phobal agus sa ghnó leis an suíomh go luath. Ba bhreá linn tuairimí agus ábhar a fháil ón phobal ach teagmháil a dhéanamh linn.